le Eimear Dwane agus Sinead Gavin Mínigh a bhfuil i gceist le "meabhairshláinte" dar leatsa?
Eimear: I mo thuairim, bíonn ‘meabhairshláinte’ conas a dhéileálann tú le fadhbanna i do shaol agus conas a mhothaíonn tú fút féin. Tá taobh maith agus taobh olc le meabhairshláinte mar bíonn meabhairshláinte mhaith ag go leor daoine ach ar an drochuair bíonn go leor fadhbanna ag daoine freisin. Sinead: Baineann meabhairshláinte leis an intinn. I mo thuairim is iomaí fáth a bhfuil tábhacht ag baint le meabhairshláinte mhaith inár saol. Níl sláinte mheabhrach mhaith ag gach duine mar bhulaíocht, strus agus a lán cúiseanna eile. Áfach tá cabhair ar fáil do na daoine seo. Tá tionchar mór ag meabhairshláinte inár saol. Cad iad na rudaí a chuireann isteach ar dhaoine óga agus a meabhairshláinte i do thuairim? Eimear: Cuireann na meáin shóisialta go mór leis na fadhbanna atá ag daoine óga mar ceapann daoine gur chóir dóibh breathnú difriúil nó gníomhú difriúil mar gheall ar an méid a fheiceann siad ar an idirlíon. Laghdaíonn sé seo a bhféinmheas agus a muinín mar nach bhfuil siad féin. Sinead: Gan dabht tá a lán rudaí a chuireann isteach ar dhaoine óga agus a meabhairshláinte ina measc bulaíocht, cibearbhulaíocht agus brú scoile. Cuireann scoil a lán strus ar dhaoine óga maidir le brú ón staidéar agus brú na scrúdaithe. Chomh maith leis sin sa lá atá inniu ann níl aon éalú ó na meáin shóisialta. Is léir go ndéanann sé sin dochar do dhaoine óga. Cad a dhéanann tú féin chun aire a thabhairt duit féin agus do mheabhairshláinte? Eimear: Téim amach le mo chairde gach seachtain mar bíonn spraoi againn agus is seans é chun mo scíth a ligean. Is maith liom spórt a imirt freisin. Imrím camógaíocht agus bím ag traenáil dhá uair sa tseachtain. Is breá liom mo chairde a fheiceáil agus cleachtadh a dhéanamh. Sinead: I mo thuairim tá a lán rudaí is féidir leat a dhéanamh. Tugann ceol agus spórt an deis dúinn éalú ó bhrú na scoile. Cabhraíonn ceol agus spórt linn strus a laghdú agus faoiseamh a fháil ó bhuairt agus ó chúraimí an tsaoil. Is féidir le cairde maithe cabhrú leat freisin. Má tá fadhb agat, nó ag do chara, cad is féidir a dhéanamh? Eimear:Má tá fadhb agam nó ag mo chara, is maith liom labhairt le duine mar shampla mo thuismitheoirí nó mo mhúinteoirí. Is féidir le mo chairde labhairt liomsa i gcónaí freisin. Is féidir linn teacht ar réiteach ar an bhfadhb le chéile. Sinead:Má tá fadhb agam déanaim rudaí le mo chairde agus ba mhaith liom labhairt leo nó mo thuismitheoirí faoin bhfadhb. Má tá fadhb ag mo chairde déanaim iarracht iad a dhéanamh sásta agus rudaí deasa a dhéanamh leo. Ní féidir a shéanadh “ní neart go cur le chéile”
0 Comments
Sinead Fitzpatrick Meán Fómhair 2018 An tseachtain seo caite, chuaigh mé go dtí Lochanna an Bhaile Theas le mo bhliain. Ag breacadh an lae, shroich mé ag an scoil le mo mhalaí droma. Bhí mé ar mhuin na muice! Thógamar dhá bhus. D’fhágamar an scoil ag a hocht a chlog.
Shroicheamar an áit thart ar a naoi a chlog. Bhíomar réidh le dul ag eachtraíocht. Bhí sceitimíní ar gach duine mar ní raibh siad ag a leithéid de champa riamh. Bhí an lá dochreidte! Ní raibh nóiméad le cois ag an duine. Bhí bac-chúrsa mór san uisce. Bhí an-spórt againn!Bhí mé ag crith le heagla! Ag deireadh an lae, bhíomar tuirseach traochta tar éis an turais. Cé go raibh tuirse orainn, bhaineamar go léir taitneamh as an turas scoile. Baineadh idir taitneamh agus tairbhe as an lá! Owen Mullane Nollaig 2017 Shroicheamar aerfort Charles De Gaulle I bPáras ar an Mháirt. An 21ú lá de mhí na Samhna. Fuaireamar an TGV go dtí Rennes. Bhuaileamar lenár gcomhpháirtithe I stáisiún traenach Rennes. Bhí mo theaghlach óstach an-deas. I Rennes, thugamar cuairt ar an Músaem Briotáinis, an planetarium, cearnóg na parlaiminte agus halla na cathrach. Freisin, chuamar go dtí scoil St.Martin gach lá. Tar éis ocht lá, chuamar ar ais go Páras ar an TGV arís. Ar an chéad lá, chonaiceamar an Túr Eiffel, Arc de Triomphe, an Louvre, an Mona Lisa, an Ardeaglais Notre Dame agus an Champs Elysée. Chuamar go bárr an túr Eiffel freisin. Bhí sé an-ard ar fad; 324 méadar ar airde! Aisling Finnegan Samhain 2017 Bhí orainn éirí go luath ar maidin agus ar a sé a chlog bhíomar ag geata na scoile. Bhí áthas an domhain orainn. Nuair a shroicheamar Google bhuaileamar lenár bhfeitheoir Mark. Ba dhuine thar a bheith cneasta é. Chuamar ar thuras timpeall Goolge. Bhí sé go hiontach. Ní raibh aon ghanntanas bia ann freisin. Bhí an-spórt agus spraoi againn. Tar éis sin chuamar go dtí Banc Ceannais na hÉireann. Is foirgneamh an-mhór í. Chonaic mé a lán rudaí suimiúla, mar shampla gach airgid ar domhain. D'fhágamar an banc ar a ceathair a chlog agus d'itheamar i McDonalds. Bhíomar stiúgtha leis an ocras faoin am sin. Thángamar abhaile ar a seacht a chlog. Bhíomar go léir tuirseach traochta. Aoife Stack Samhain 2017 An tseachtain seo caite chuamar go dtí feirm na mbuabhall i Maigh Chromtha. D’éirigh mé go luath agus bhí scetimíní an domhain orm. Shroicheamar ár gceann scribe ar a deich a chlog.
D’fhanamar ann go dtí a dó dhéag. D’itheamar an Mozzarella agus bhí sé go hiontach. Chuamar go dtí bialann tar éis. Bhí an bia go hálainn. Chuamar abhaile ar a dó a chlog. Bhíomar an-sásta leis an lá. Tá an-áthas orainn an tseachtain seo ag tabhairt tacaíocht don phobal Leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach. Tá imeachtí ar siúl sa scoil i gcomhair seachtain "Stand up, Stand out", Comhghairdeas mór tuillte ag an gcumann "SAGA" (sexuality and gender awareness)
Is é mana na scoile seo ná “ní neart go cur le chéile” agus bhí sé oiriúnach an tseachtain seo nuair a seoladh ár ndlúthdhiosca “Alone a note, Together a melody”. Tá sé ar fáil ar líne anseo: shop.carrigcs.ie/ agus tá na fáltais go léir ag dul go Pieta House
Staidéar Scannánaíochta Sa rang sin, féachaimid ar scannáin le mo mhúinteoir agus na daltaí eile agus bím ag plé leis na daltaí agus ag scríobh faoin scannán. -Darragh Cotter 4.2 Táimid tar éis féachaint ar ‘The Sixth Sense’, ‘Grown Ups 2’ agus ‘Jaws’. An scannán is fearr liom go dtí seo ná ‘The Sixth Sense’. Scríobhaimid freisin faoi na scannáin. -David Barry 4.6 Iris Scoile - "Sketch" Tá iris scoile á dhéanamh againn, "Sketch" an t-ainm atá air. Déanaimid obair ar sin leis na baill eile den fhoireann. -Jake Sharratt Martinez 4.5 Sílim go bhfuil an rang "Sketch" go hiontach mar tá deis againn go leor oibre a dhéanamh ar an ríomhaire. Sheriff Kuye 4.3 Feasacht Bhí ranganna feasachta agam i mbliana agus shíl mé gurb é seo ceann de na rudaí is fearr i mbliana. Bhí an múinteoir greannmhar agus bhí an rang go maith ar an iomlán. d'Fhoghlaim muid faoi dhrugaí agus fadhbanna eile. -Jaden Billington 4.1 Drámaíocht Is breá liom Drámaíocht. Tá mo mhúinteoir greannmhar agus cothrom. Bíonn an spraoi againn sa rang agus ceapaim go bhfuil sé suaimhneach. -Ciarán Lambe 4.4 Déanaim drámaíocht san Idirbhliain toisc go bhfuil an-suim agam ann. Ba mhaith liom a bheith i m'aisteoir sa todhchaí. Déanaim drámaíocht lasmuigh den scoil chomh maith. -Ryan Zigunov 4.5 Tíos Is maith liom tíos. Bím ag cócaireacht gach dara seachtain. Le mo pháirtí, go dtí seo, rinne mé: Sailéad le sicín agus bagún, muifíní agus borróga. -Caitlin O'Mahony 4.7 Is maith liom é mar ba mhaith liom a bheith ábalta cócaireacht a dhéanamh (agus bia a ithe). Ba mhaith liom cócaireacht a fhoghlaim ionas gur féidir liom cócaireacht sa bhaile. -Kelvin O'Mahony 4.1 Ióga Is rud iomlán nua é ióga dúinn. Is sos é an rang sin ón obair Is maith liom an ióga mar bíonn spraoi againn. -Luke Murphy 4.4 Ceapaim go bhfuil ióga suaimhneach. Bainim an-taitneamh as an ióga mar tá sé difriúil. -Meaghan Shears 4.6 Emma Cooney Deireadh Fómhair 2017 Ar an 18ú lá de mhí Dheireadh Fómhair chuaigh dhá rang ó bhliain 4 ar thuras scoile go dtí Zeminar. Bhí Zeminar ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath. D’imigh an bus ón scoil ag a sé a chlog ar maidin. Stop an bus i Junction 14 ar an tslí suas chun píosa bia a fháil mar bhí ocras an domhain orainn. Nuair a shroicheamar Baile Átha Cliath bhí an trácht go huafásach. An gcreidfeá, bhíomar ar an mbus ar feadh ceithre uair sular shroicheamar an RDS. Bhí an halla san RDS dubh le daoine. Tháinig daltaí scoile ó gach áit timpeall na tíre go dtí an Zeminar. Bhí banna ceoil ar an stáitse i lár an halla ag canadh agus ag seinm. Is iomaí áis éagsúla a bhí ar fáil ann. Bhaineamar taitneamh as agus bhí sé an-suimiúil. D’fhanamar i Zeminar ar feadh trí uair. Chuamar thar n-ais go dtí an bus ag a trí a chlog agus chuamar abhaile. Ar an mbealach abhaile stopamar i McDonalds don dinnéar. Ar an iomlán, bhí lá iontach againn. Bhí sé an-suimiúil agus faisnéiseach. Thug sé deis dúinn triail a bhaint agus eolais a fháil faoi rudaí difriúla. Bhí sos againn ón scoil (agus mar sin ón mblag) an tseachtain seo. Idir an dá linn, rud spéisiúil ó Daily Edge
http://www.dailyedge.ie/ways-to-say-stormy-as-gaeilge-3648960-Oct2017/?utm_source=shortlink |
CartlannCatagóirí |