Emma Cooney Deireadh Fómhair 2017 Ar an 18ú lá de mhí Dheireadh Fómhair chuaigh dhá rang ó bhliain 4 ar thuras scoile go dtí Zeminar. Bhí Zeminar ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath. D’imigh an bus ón scoil ag a sé a chlog ar maidin. Stop an bus i Junction 14 ar an tslí suas chun píosa bia a fháil mar bhí ocras an domhain orainn. Nuair a shroicheamar Baile Átha Cliath bhí an trácht go huafásach. An gcreidfeá, bhíomar ar an mbus ar feadh ceithre uair sular shroicheamar an RDS. Bhí an halla san RDS dubh le daoine. Tháinig daltaí scoile ó gach áit timpeall na tíre go dtí an Zeminar. Bhí banna ceoil ar an stáitse i lár an halla ag canadh agus ag seinm. Is iomaí áis éagsúla a bhí ar fáil ann. Bhaineamar taitneamh as agus bhí sé an-suimiúil. D’fhanamar i Zeminar ar feadh trí uair. Chuamar thar n-ais go dtí an bus ag a trí a chlog agus chuamar abhaile. Ar an mbealach abhaile stopamar i McDonalds don dinnéar. Ar an iomlán, bhí lá iontach againn. Bhí sé an-suimiúil agus faisnéiseach. Thug sé deis dúinn triail a bhaint agus eolais a fháil faoi rudaí difriúla.
0 Comments
Bhí sos againn ón scoil (agus mar sin ón mblag) an tseachtain seo. Idir an dá linn, rud spéisiúil ó Daily Edge
http://www.dailyedge.ie/ways-to-say-stormy-as-gaeilge-3648960-Oct2017/?utm_source=shortlink Kate McAleer agus Weronika Grabowska Deireadh Fómhair 2017
Ar an Luan, chuamar go dtí Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Fitzgerald’s Park agus Shandon Bells. Ar an lá chuaigh gach duine agus a gcomhpháirtí go dtí an chéad rang. Tar éis é sin, chuamar ar an mbus agus thiomáin an tiománaí go dtí UCC. Shiúlamar timpeall an choláiste agus isteach sa séipéal. Bhí an áit an-mhór. Nuair a bhímid críochnaithe leis an gcoláiste, chuaigh gach duine go dtí Fitzgerald’s Park. D’itheamar ár lón sa pháirc agus tar éis sin, shiúlamar isteach sa chathair. Chuaigh gach duine ag siopadóireacht agus ag a dó a chlog chuamar go dtí Shandon Bells. Chuaigh na déagóirí suas sa séipéal agus fuair gach duine an deis na cloig a bhuaileadh. Tar éis sin, tháinig gach duine ar ais ar scoil. An lá ina dhiaidh sin, chuamar go dtí Cobh agus chuamar timpeall an bhaile. D'fhoghlaimíomar an stair áitiúil agus faoi Titanic. Bhí sé súimiúil. Fuair gach duine lón sa bhaile agus tar éis, fuaireamar bád chuig Spike Island. Is seanphríosún é an Spike Island. Súil mé timpeall an phríosúin le mo chairde , bhí eagla ar gach duine nuair a chuamar isteach sa chillín príosúin. Ag a trí a chlog léimid ar an mbus arís agus chuamar ar scoil arís. Ag an lá deireanach, tháinig na daltaí Gearmáinise go dtí trí rang ar maidin leis na daltaí óstach. Ag a haon déag a chlog, chuaigh gach duine amach go dtí an bus. Dúirt gach duine slán agus bhí brón ar gach duine. Ansin, bhí siad imithe. Bhain mé taitneamh as an tseachtain sin. Kevin Cogan agus Eimear Hurley Meán Fómhair 2017 Bhí an lá oscailte ag Scoil Phobail Charraig Uí Leighin ar an 28ú de Mheán Fómhair. Bhí a lán daltaí ag cabhrú timpeall na scoile. Ar maidin tháinig bunscoileanna chun an scoil a feiscint. Bhí an grúpa ceannaireacht ó bhliain a 4 ag cabhrú leis na múinteoirí chun na turais tríd an scoil a dhéanamh. Bhí daoine ag damhsa ar an stáitse agus bhí daoine ag cócaireacht sna seomraí eacnamaíocht bhaile. Rinne siad cáca blasta! Bhí an grúpa róbataic ag obair ar an róbat darb ainm Jeremy nó Geraldine do na cailíní. Bhí dlúthdhiosca na scoile ar siúl nuair a tháinig na páistí tríd an doras agus bhí sé ana-dheas. Sula ndeachaigh siad ar ais ar scoil, d’imir na páistí cluichí sa halla. Is dóigh liom gur bhain na páistí go léir an-taitneamh as an lá. Thosaigh an oíche oscailte ag a leathuair tar éis a sé. Bhí mórán daltaí ón gcéad bhliain go dtí an séú bliain ag cabhrú le gach ábhar ar an oíche. Bhí daltaí ar an stáitse ag caint faoi dhrámaíocht agus daoine ag damhsa freisin. Rinne Ms. Mulvihill agus Ms. Ní Bhriain tae sa cheaintín do na cuairteoirí. Bhí cúpla duine ag bácáil cácaí agus sconna arís ar an oíche. Bhí na daltaí sa cheathrú bhliain a dhéanann ceannaireacht ag cabhrú leis na múinteoirí le turais. Rinne na daoine atá i gcomhairle na ndaltaí an jab sin freisin. Bhí daltaí sa seomra ceoil ag seinm agus bhí siad thar cionn! Tháinig a lán cuairteoirí go dtí an oíche oscailte sa scoil agus bhain gach duine taitneamh as
an oíche speisialta sin. |
CartlannCatagóirí |